Aon Teanga: Un Çhengey – pé ar bith bealach a lítrítear é, is é an ní céanna é: trí ghuth bhinne ghaelacha ag fí a ndúchas Éireannach, Albanach agus Manannach le chéile in aon ghuth amháin. Den chéad uair le fada, déanann Aon Teanga: Un Çhengey ceiliúradh ceolmhar ar an dúchas teanga agus ceoil atá i bpáirt ag pobail ghaelacha na hÉireann, na hAlban agus Oileán Mhanann.
Is as teacht le chéile fánach a tharla in 2013 i stiúideonna clúiteacha Watercolour Music in Ard Ghobhar (Alba) a d’eascair an tionscadal. Ba ansin a bhuail Ruth Keggin, príomhamhránaí ghlúin óg na hathbheochana gaelaí ar Oileán Mhanann le Màiri Anna NicUalraig, comhstiúrthóir Watercolour. Bhí Ruth tar éis teacht go Loch Abar chun a céad albam, Sheear, a thaifeadadh, agus bhí Eoghan Ó Ceannabháin, ceoltóir agus amhránaí as Éirinn ina teannta. Léirigh an comhrá istoíche go raibh an paisean céanna ag an triúr don amhránaíocht ghaelach – idir shean agus nua. Bhí an cúrsa rianaithe agus Aon Teanga: Un Çhengey réidh le cur chun farraige.
Le cabhair Chomhairle Ealaín Oileán Mhanann agus scéim ‘Beyond Borders’ de chuid Fhondúireacht PRS, Comar agus Watercolour Music, i gcomhpháirt le hionad ealaíne Bhéal Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, agus Culture Vannin, tugadh deis don triúr oirfideach, Ruth, Mary Ann agus Eoghan, albam a thaifeadadh agus camchuairt a réiteach ar a seinnfí amhráin agus ceol, idir dhúchasach agus nua-chumtha, i nGaeilge, i nGàidhlig agus i Manannais. Mar is dual do dhream a bhfuil mianach na farraige iontu tá blas na mara agus an tsáile ar a gcuid amhrán agus ní hannamh an bród, an bhuairt, nó an t-iontas a bheith ag gabháil le hamhráin dá gcuid.
In éineacht leis an triúr, tá Finlay Wells ó Earra-Ghàidheal ar an ghiotár; an Cláiríneach, Ultan O’Brien, ar an bhfidil; agus Gordan MacLean ó Comar ar an olldord. Tá Aon Teanga: Un Çhengey buíoch d’Fhiontar Ceoil na hAlban agus Colmcille (Iomairt Cholm Cille) as tacú le ceolchoirmeacha in Éirinn, in Albain agus ar Oileán Mhanann.
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.